Bainisteoir Taighde ar na Meáin Ghaeilge/ Irish Language Media Research Manager (Irish Speaking)
5 November 2026
An bhfuil paisean agat don Ghaeilge agus an bhfuil baint agat le pobail Ghaeltachta nó le pobail ina labhraítear Gaeilge? Táimid ag lorg cumarsáidí muiníneach chun oibriú le baill den phobal, le páirtithe leasmhara agus lenár bhfoireann taighde atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe ar thionscadal nua spreagúil atá lonnaithe in Éirinn.
Salary:€43,000 go €50,000 (coibhéis lánaimseartha). Beidh an tuarastal a thairgfear ag brath ar an méid taithí oibre ábhartha atá agat.
Location:Cé gur post cianda é seo, beidh ort a bheith lonnaithe ar oileán na hÉireann agus a bheith sásta taisteal ar fud na hÉireann le haghaidh cruinnithe le cliaint agus le haghaidh earcú don phainéal agus imeachtaí rannpháirtíochta. Beidh ort freisin taisteal suas le ceithre huaire sa bhliain chuig ár n-oifigí in Taunton, Sasana. Beidh taisteal le haghaidh ionduchtú na cuideachta san áireamh leis sin. Clúdófar costais taistil chomhaontaithe.
Job Type:Post buan, uaireanta lánaimseartha go hidéalach, ach d’fhéadfaí líon níos lú uaireanta a mheas thar 4 nó 5 lá.
Working Hours:37.5 uair an chloig sa tseachtain
Start Date:Chomh luath agus is féidir
How to apply:

Chun iarratas a dhéanamh, íoslódáil foirm iarratais ónár suíomh gréasáin agus seol an fhoirm chomhlánaithe ar ríomhphost chuig careers@trpresearch.com. Is cainteoirí Béarla iad an fhoireann earcaíochta, mar sin iarraimid ort an fhoirm iarratais a líonadh isteach i mBéarla, le do thoil.

Chomh maith leis an bhfoirm iarratais, cuir litir chumhdaigh i nGaeilge ar aghaidh freisin, ina mínítear an chúis a bhfuil suim agat sa ról seo. Ba cheart go mbeadh an t-eolas sa litir seo ag teacht leis an eolas a chuireann tú ar fáil i mBéarla sa chuid faoi eolas tacaíochta ar an bhfoirm iarratais.

Is é Déardaoin, an 19ú Samhain 2026, an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Is fostóir comhdheiseanna é TRP Research Ltd.

Secret Link